Peig Sayers photo

Peig Sayers

Seanchaí agus dírbheathaisnéisí Éireannach ab ea í Peig Sayers (1873 - 1958).

Tháinig Peig Sayers ar an saol i nDún Chaoin, baile beag i gContae Chiarraí, Éire. Phós sí Pádraig Ó Gaoithín ón mBlascaod Mór, agus d'aistrigh sí ansin leis. Ní raibh léamh ná scríobh aici, ach seanchaí den scoth ab ea í. Ba dual athar di é, nó nuair a bhí sí óg, chluineadh sí na mílte scéalta agus eachtraí á n-insint ag a hathair agus é ag déanamh airneáin le fir an bhaile. Dheachtaigh sí a cuid scéalta do Sheosamh Ó Dálaigh ó Choimisiun Bealoideasa Eireann. Tá cáil uirthi de bharr a dírbheathaisnéise, Peig. B'é a mac, Micheál, a bhreac an scéal síos uaithi, agus foilsíodh an leabhar sa bhliain 1936. Tá an leabhar ar bharr a theanga ag gach duine a thóg scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta.

Bhí Peig Sayers ina conaí ar an oileán go dtí an bhliain 1953, nuair a tréigeadh na Blascaodaí ar fad. Bhog sí go dtí ospidéal an Daingin. Fuair sí bás ansin sa bhliain 1958, agus tá sí curtha i reilig Dhún Chaoin.


“Seanabhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is an chos eile ar a bruach. Is mó bogradh is cruatan curtha agam díom ón gcéad lá do saolaíodh me go dtí an lá atá inniu ann. Dá mbeadh ’fhios agam go mbeadh a leath, ná a thrian, i ndán dom ní bheadh mo chroí ná m’intinn chomh haerach ná chomh misníúil is do bhí i dtosach mo shaoil.”
Peig Sayers
Read more
“Cad é an mhaith dom eagla a bheith orm? Ní shaorfadh eagla duine ón mbás, dar ndóigh.”
Peig Sayers
Read more
“Ar chualabhair riamh," arsa Eoghain, "ná fanann tráigh le headra agus ní lú mar a fhanfaidh an traein linne. Ní hé seo an tOileán agaibh go bhfanfaidh an naomhóg libh go mbeidh sibh ullamh."Chuir sin imníomh orainn agus bhí gach aoinne ar a dhícheall ag baint an stáisiúin amach. Nuair a shroicheamar é ba dhóigh leat nár cailleadh aoinne riamh, bhí a oiread sin daoine ann. Bhí gach carráiste lán.”
Peig Sayers
Read more