“Seanabhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is an chos eile ar a bruach. Is mó bogradh is cruatan curtha agam díom ón gcéad lá do saolaíodh me go dtí an lá atá inniu ann. Dá mbeadh ’fhios agam go mbeadh a leath, ná a thrian, i ndán dom ní bheadh mo chroí ná m’intinn chomh haerach ná chomh misníúil is do bhí i dtosach mo shaoil.”
“Ar chualabhair riamh," arsa Eoghain, "ná fanann tráigh le headra agus ní lú mar a fhanfaidh an traein linne. Ní hé seo an tOileán agaibh go bhfanfaidh an naomhóg libh go mbeidh sibh ullamh."Chuir sin imníomh orainn agus bhí gach aoinne ar a dhícheall ag baint an stáisiúin amach. Nuair a shroicheamar é ba dhóigh leat nár cailleadh aoinne riamh, bhí a oiread sin daoine ann. Bhí gach carráiste lán.”
“An cinniúnt, is dócha: féach an féileacán úd thall atá ag foluain os cionn mo choinnle. Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?”
“A ógánaigh...ná brisan ghloine ghlan'tá eadrainn(ní bhristear gloinegan fuil is pian)óir tá Neamhnó Ifreann thall'gus cén mhaith Neamhmura mairfidh ségo bráth?ní Ifreanngo hIfreanniar-Neimhe...(Impí)”
“TreallTabhair dom casúrnó tuago mbrisfead isgo millfeadan teach seo,go ndéanfad tairseachden fhardoras'gus urláir de na ballaí,go dtiocfaidh scraithagus díon agussimléir anuasle neart mo chuid allais...Sín chugam anoisna cláir is na tairnnígo dtógfadan teach eile seo...Ach, a Dhia, táim tuirseach!”
“Cad é an mhaith dom eagla a bheith orm? Ní shaorfadh eagla duine ón mbás, dar ndóigh.”