“Beatha- do Mháire Mhic Amhlaoibh,An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo. - Níor airigh tú caint ar an slabhcán? - arsa Mary Nell le hiontas,an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile diar charraigreacha an Fháil Mhóir,a thugadh sí abhaileis a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce.Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac - an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn!Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain:- Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis,Róleitheadhach atá siad.Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopaI bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air - 'Yoghurt?'- Yoghurt. Yoghurt!M'anam go liveálfainn ar an stuif sin.M'anam go liveálfainn air. - ”

Tadhg Mac Dhonnagáin

Tadhg Mac Dhonnagáin - “Beatha- do Mháire Mhic...” 1

Similar quotes

“Ar chualabhair riamh," arsa Eoghain, "ná fanann tráigh le headra agus ní lú mar a fhanfaidh an traein linne. Ní hé seo an tOileán agaibh go bhfanfaidh an naomhóg libh go mbeidh sibh ullamh."Chuir sin imníomh orainn agus bhí gach aoinne ar a dhícheall ag baint an stáisiúin amach. Nuair a shroicheamar é ba dhóigh leat nár cailleadh aoinne riamh, bhí a oiread sin daoine ann. Bhí gach carráiste lán.”

Peig Sayers
Read more

“Tá an ghealach ina luí ar a droimGlan ar meisceCoimeádann sí na héin ina ndúiseachtI dteanga iasachta atá a ngiob geabSníonn abhainn airgeadúil in aghaidh na fána,Iompraíonn scáil na sceiche gile léi,Taoi amuigh ag siúl, ní foláir, cosnochtaThe moon lies on her backMad drunkKeeping the birds awakeThey chat in a foreign tongueA silvery river flows up the slopeBearing with it the reflection of a fairy bushYou must be out walking, in Your bare feet”

Gabriel Rosenstock
Read more

“Iar gclos báis Mháirei dtuairim cháich má fágbhadh m'ainnir faoi fhód,níor bhuadhaigh bás ar Mháire im mheabhair-se fós.”

Pádraigín Haicéad
Read more

“¿Has pensado alguna vez en la muerte?Sí. A veces. ¿Y tú?Sí. A veces. ¿Crees que existe un cielo?Sí. ¿Tú no?No lo sé. Quizá sí. ¿Crees que puedes creer en el cielo si no crees en el infierno?Creo que puedes creer lo que quieras.”

Cormac McCarthy
Read more

“An té a bhíonn i bhfad gan práta ní bhíonn sé folláin”

Myles na gCopaleen
Read more